Sonas sa Chairdeas

Tá sonas daonna uainn go léir.

Tá cuid againn a bhíonn de shíor ar thóir an tsonais ó éirí go luí na gréine.

Tá easnamh saoil orainn.  Agus bíonn gach iarracht á dhéanamh againn an t-easnamh sin a réiteach le rudaí nó le eispéiris atá sa todhchaí. Sonas is ea rud a tharlóidh nuair a bheidh na coinníollacha i gceart. Am éigin…

Má cheannaímid an rud seo beimid sásta. Má ólaimid an rud seo beimid sásta. Má phógfaimid an duine seo, beimid sásta. Má éiríonn linn meáchan a chailliúint beimid sásta. Má éiríonn linn meas a fháil ó dhaoine eile ar líne, beimid sásta. Má, má, má..

Ní chuirfidh sé ionadh ar éinne agaibh a cheannaigh gluaisteán nua, mar shampla, ag súil go mbeadh sibh sásta, nach féidir sástacht nó sonas a bhaint amach trí rudaí a fháil. Níl sonas le fáil i maoin.

Ach, cá bhfuil sonas le fáil?

Faoi mar a tharlaíonn sé, tá taighde déanta air seo agus is féidir tabhairt faoi nósanna agus cleachtais faoi leith le bheith sásta agus sona go fadtéarmach sa saol.

Deineadh staidéar ar ghrúpa le breis agus 250 mic léinn a thosaigh i Harvard i 1938 agus thar thréimhse 90 bliain go dtí seo, leanadh ag déanamh taighde ar an ngrúpa maidir le sástacht saoil agus sonas. Tá méadú thar cuimse tagtha ar an staidéar ó thosaigh sé agus tá glúinte eile curtha san áireamh ó shin. Ach, ceann de na torthaí is soiléire a tháinig ón staidéar seo faoin sonas daonna ná go bhfuil tábhacht thar an-chuid rudaí eile sa saol ar an gcaidreamh idirphearsanta atá againn le daoine eile.

Cuireann an taighde seo béim faoi leith ar aire a thabhairt do na caidrimh éagsúla atá inár saol agus, cabhróidh na caidrimh sin linn maireachtaint go sona agus go sláintiúil.  Bhí cairdeas níos tabhachtaí ná maoin, ná gairm, ná cáil nuair a deineadh measúnú ar shástacht na rannpháirtithe.

Má theastaíonn uait a bheith sásta agus sona, tabhair aird ar na caidrimh atá agat.

Tagann Johann Hari a scríobh an leabhar Lost Connections leis an méid sin.  Ina leabhar, déanann Hari imscrúdú ar na cúiseanna go dtagann dúlagar (depression) ar dhaoine.  Tá liosta de naoi bpríomhchúis ach, ceann acu is ea easpa cairdeas le daoine eile.

Mar leigheas aitheanta ar an dúlagar, molann Hari naisc a chruthú agus a chaomhnú le daoine.  Teagmháil a dhéanamh le daoine eile. Labhairt le daoine. Is ainmhithe sóisialta sinn.  Gan sóisialú, tagann dúlagar orainn.

Ní nach ionadh gur dhein cúpla aoi ar an bpodchraoladh le déanaí tagairt do dhaoine eile agus an fuinneamh a fhaigheann siad ó dhaoine eile.  Ar scáth a chéile a mhairimid. Táimid ag brath ar a chéile le bheith sona.

Ach, cad is féidir linn a dhéanamh faoi? Táimid scartha amach níos mó ná riamh anois.

Bhuel, tá cead againn nascadh le daoine i gcónaí. Pioc suas an guthán – seans maith go bhfuil sé id’ lámh ar aon chuma – agus cur glaoch ar dhuine. Ní téacs. Ná meme. Ná fiseán greannmhar. Ach glaoch. Labhair leo. Éist leo. Ardaigh suas iad. Mol iad. Fan amach ó chaint dhiúltach faoin nuacht leo. Ach, bí leo.

Agus nuair a bheidh an deis againn teacht le chéile, tagaimis le chéile. Faigh aon leithscéal in aon chor cairdeas a fhorbairt le daoine eile. Bí ann do dhaoine eile.

Agus beidh tú sona sásta.

Tá slite éagsúla eile le sonas a mhéadú id’ shaol agus beidh mé ag déanamh cur síos orthu sin chomh maith amach anseo.

Sonas sa Chairdeas – Podchraoladh

Harvard study, almost 80 years old, has proved that embracing community helps us live longer, and be happier.

Lost Connections – Johann Hari

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s