“At every moment keep a sturdy mind on the task at hand, as a Roman and human being, doing it with strict and simple dignity, affection, freedom, and justice – giving yourself a break from all other considerations. You can do this if you approach each task as if it is your last, giving up every distraction, emotional subversion of reason, and all drama, vanity, and complaint over your fair share. ”
Marcus Aurelius, Meditations

Tá plé déanta agam cheana féin anseo ar rud amháin a dhéanamh ag an am. Táimid gafa le hiliomad rudaí a dhéanamh ag an am céanna agus nílimid dírithe ar aon cheann acu i gceart.
Tá imní orainn agus níl a fhios againn cad ina thaobh. Táimid buartha faoin méid a tharla inné. Faoin gcruinniú atá againn amárach. Faoin aimsir don deireadh seachtaine.
Ón gcleachtas mhachnamh atá á dhéanamh agam féin le tamall anuas faoi stiúir Sam Harris ar ‘Waking Up’ tá sé foghlamtha agam go bhfuil buairt, strus, imní, náire ar fad san am atá imithe nó san am atá le teacht. ‘Sé sin le rá, tá siad ar fad id’ aigne.
Níl aon imní nó strus ins an mhóimint. Ar an bpointe. Anois. Anseo.
Is féidir leat argóint a dhéanamh faoi seo más maith leat ach, fan leis an tuairim. Tá an bhuairt atá ag cur isteach ort faoi rud atá tarlaithe nó faoi rud a d’fhéadfadh titim amach. Is annamh atá buairt ann faoi rud atá ag tarlú díreach anois.
Nuair a bhímid gafa le tuairimí nó buairt nó ábhair mhóra an tsaoil, bímid in áit éigin eile – san aimsir chaite nó sa todhchaí. Ach, ní bhímid ‘anseo.’
Bhí sé sin ar eolas ag Marcus Aurelius breis agus 1,800 bliain ó shin. Fear gnóthach ab ea é, ach choimeád sé an dialann ‘Meditations’ le cur i gcuimhne dó conas dea-bheatha a chur de. Conas é féin a choimeád ar bhóthar a leasa. Ímpire ab ea é le saibhreas mór an domhain ach, bhí a fhios aige conas maireachtáil le fiúntas.
Tá leabhar ar na Stóigh ag Ryan Holiday agus dialann mhachnaimh a ghabhann leis. Tá spreagcheisteanna laethúla sa dialann agus tugann sé deis do dhuine machnamh a dhéanamh ar an saol atá leanúint aige.
Ar na ceisteanna atá ann faoin ábhar thuas;
- An bhfuil m’aigne dírithe ar an tasc atá idir láimhe agam?
- An bhfuil mé sásta a bheith aineolach faoi nithe nach bhfuil tábhachtach?
- Conas gur féidir liom smacht a chur ar an bhfearg?
- Cad iad na mothúcháin a bhaineann an féinsmacht uaim?
- An é m’imní nó mise atá i gceannas?
Ní scrúdú atá ins na ceisteanna seo ach deis mhachnaimh ar conas atáimid ag deileáil le saol atá éirithe an-chasta.
Thug m’iníon fúm cúpla lá ó shin toisc ná rabhas ag éisteacht léi agus an guthán im’ láimh agam. Bhí sí curtha amach. Agus an ceart aici. Tá súil agam nach gceapann aon duine a léann é seo go bhfuil gach ní réitithe agamsa! Níl ná é. Is le treoir a thabhairt dom féin atáimse ag scríobh.
Níl aon amhras ach gur féidir fanúint sa mhóimint níos mó.
Agus is áit álainn í. Níl aon bhuairt ann.
Tá an t-am a tháinig roimhe seo imithe agus ní féidir teacht air arís.
Níl an t-am atá le teacht tagtha fós.
Níl againn ach an mhóimint. Níl againn ach anois.
Bímis anseo le taitneamh a bhaint aisti.
Waking Up – Mí Saor ar an APP le cleachtadh ar an machnamh