Cairdeas

“Is maith an scáthán súil chara.” 

Is ann a bhíonn maithiúnas.  

Photo by Artem Podrez on Pexels.com

Bíonn an deis againn agus sinn ag féachaint i súile chara sinn féin a fheiscint. Go macánta. 

Agus feictear dúinn sna súile sin blianta fada maithiúnais tugtha dos na botúin atá déanta againn, na maslaí atá tugtha againn, na dearmaid atá déanta agus bíonn orainn a mhacasamhail a thabhairt thar nais dóibh. Maithiúnas. 

Tuigeann cara na deacrachtaí atá againn. Na dúshláin. Agus, fanann siad linn. Cóngarach. Ar fáil dúinn le linn na dúshláin agus na deiseanna. Ach, ceapaimid go minic, nach bhfuil aon ghá againn leo. 

Tá trócaire sa chairdeas. Feictear dúinn é arís agus arís síos tríd na blianta fada cairdis.  Tá an cairdeas bunaithe ar chomh-mhaithiúnas leanúnach. Maithiúnas dá chéile. 

Gan caoinfhulaingt, gan trócaire, cailltear cairdeas. 

Bíonn dorchadas agus lochtanna ár gcairde ar eolas againn ach, le go leanfaidh cairdeas, bíonn orainn tacú leo bua a fháil ar na lochtanna seo. Le tacaíocht atá macánta. Tacaíocht a mholann na buanna atá acu. A mholann an flaithiúlacht daonna atá iontu. 

Cabhraíonn cairdeas maith leis na saghasanna eile cáirdis sa saol – lánúin pósta, comhghleacaithe oibre nó fiú tuismitheoir agus páiste.  Cabhraíonn an macántacht tacúil sin le gach cairdeas. 

Deir Goethe “Tell me with whom you consort and I will tell you who you are.” 

Ní chuirtear dóthain béime ar an gcairdeas inár saol.  Má tá duine i bponc sa saol, is minic gurb’ é an chéad rian den trioblóid sin ná go bhfuil líon na gcairde aige ag titim. Go bhfuil a chiorcal ag éirí níos lú. Cuirtear béim ar phearsantacht na hoibre agus déantar dearmad ar an gcairdeas go minic. Ach, nuair a thiocfaidh dúshláin an tsaoil – agus tiocfaidh siad – is ar chairdeas a bheidh tú ag brath.  

Leanann cairdeas fiú nuair a fhaigheann duine bás. Bíonn comhráití idir an duine atá beo agus an té atá marbh. Bíonn ceachtanna fós le foghlaim sna comhráití sin. Macántacht. 

An cuid is tábhachtaí den cairdeas ná a bheith in ann a bheith le duine eile. Go hoscailte. Go macánta. Gan amhras. Gan náire. Agus go bhfanann an duine eile leat mar chara. Go bhfanann duine leat ar thuras an tsaoil. Ar feadh píosa gairid nó na blianta fada. 

Cén sórt cara tú? Cén sórt cairdeas atá uait? Cén luach atá agat ar chairdeas?

An cara maith tú a thugann maithiúnas duit féin?

Éist leis an bpíosa seo anseo – Podchraoladh

1 Comment

  1. Go raibh míle maith agat as ucht an alt álainn seo a roinnt linn. Tá an-áthas orm gur tháinig mé ar do shuíomh agus bhain mé taitneamh as é sin a léamh um thráthnóna. Tá súil agam go bhfuil tú fhéin agus do chailíní álainne ar fónamh. Beir bua agus beannacht libh! Gráinne

    Like

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s