‘Fallaí Imní’

Imeartas focal atá anseo ar an rince Fallaí Luimní – beirt os comhair beirte, a bhíodh againn sna céilithe fadó, ach sa chás seo, is duine os comhair duine atá i gceist agam – an duine féin lena imní féin.

Is minic gurb’ é imní a chuireann bac orainn rudaí a dhéanamh nó a chruthaíonn fallaí timpeall orainn.

Tá imní ar leibhéil éigin orainn de shíor na laethanta seo agus sinn ag éisteacht leis an nuacht agus á leanúint ar na meáin shóisialta.

Cuireann imní isteach orainn in an-chuid slite. Bíonn sé deacair orainn díriú ar rudaí. Ní bhímíd in ann a bheith go hiomlán san áit nó san am in bhfuilimíd. Bímíd buartha faoin am atá imithe nó rud éigin atá le teacht nó gur féidir teacht. Ní bhíonn imní san am atá anois agat.

Má tá imní ag leibhéil éigin orainn go leanúnach, nuair a bhíonn brú sonrach éigin orainn sa saol ar nós éigeandál nó géarchéim, ní bhíonn an aigne ná an corp in ann déileáil leis. Ní féidir linn feidhmiú le dul i ngleic leis an ngéarchéim. Ní bhíonn faic fágtha sa tobar againn.

Bíonn nósanna leanúnacha laethúla againn agus sinn ag iarraidh an imní a chur faoi cheilt nó é a chur as ár n-aigne comhfhiosach (conscious mind). Seans nach bhfuil a fhios againn go bhfuil sé seo á dhéanamh againn. Má cheistíonn tú tú féin faoi aon droch-nós atá agat – rólongadh (overeating), alcól, na meáin-shóisialta, an teilifís – tá seans mhaith ann go bhfuil an nós seo agat le do mhothúcháin a chur faoi cheilt. Imní san áireamh.

An moladh atá ag Brooke Castillo ná a bheith fiosrach faoin mothúchán ag an am. Níl sé seo compordach dúinn. Sin an cúis go mb’fhearr linn gloine fíona a ól nó faire ar scannán. Is éalú atá ann. Ach, níl san éalú ach bréag-réiteach sealadach. Má theastaíonn uait an imní seo a athrú nó na droch-nósanna saoil a athrú, is fiú go mór am a chaitheamh i bhfiosracht faoi na mothúcháin.

Is ainéistéiseach logánta (local anaesthetic) iad na nósanna seo. B’fhearr linn na nósanna a choimeád, fiú má táid go h-olc dúinn, in ionad glacadh leis na mothúcháin atá orainn. Tá roinnt nósanna atá go maith, gan amhras, ar nós cleachtadh coirp, ach arís, is minic a úsáidtear iad mar éalú ós na mothúcháin.

Cruthaíonn na nósanna fallaí mórthimpeall orainn chun na mothúcháin a choimeád amach. Is chun sinn féin a chosaint atá sé seo á dhéanamh againn, inár n-aigne féin.

Moltaí? Bí fiosrach agus na mothúcháin míchompórdacha ag teacht orainn. An bhfuil ocras ort nó an bhfuil compord uait? An bhfuil tart ort nó an bhfuil éalú uait? An féidir leat suí leis na mothúcháin seo? (Tá sé seo an-deacair).

Níl aon bhreithiúnas ort ná orainn anseo. Baineann sé le nádúr an duine fulaingt a sheachaint.

Bíonn pian sa chorp. Bíonn fulaingt sa cheann.

Bíonn formhór mhór d’fhulaingt an duine mar imní againn. Imní faoi rudaí nár thárla fós. Agus faoi rudaí nach dtarlóidh go deo.

Tá fás, forbairt agus saoirse ar an dtaobh eile d’fhallaí imní.

Leagaimís na fallaí.

Podchraoladh ‘Fallaí Imní’

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s