‘I dtosach na haicíde is fusa í a leigheas.’
Tá coinne déanta agam ar deireadh filleadh ar an bhfiaclóir. Is i gceann cúpla seachtaine atá an choinne. Nílim ag súil leis. Tá an ghráin dhearg agam ar an bhfiaclóir.
Nó, tá an ghráin agam ar an eispéireas. An phian, gan amhras. An boladh.
Agus beidh pian orm.
Beidh instealladh ag teastáil. Is cuimhin linn go léir an phian a bhaineann le hinstealladh. Ach, níl ann ach pointe ama nó soicind de phian. Ansin, tá sé thart. Ach, beidh mé ag fulaingt i bhfad roimhe sin.
Táim ag fulaingt cheana féin. Thosaigh an fhulaingt sular chuireas an glaoch orthu fiú. Ní toisc go bhfuil pian ar m’fhiacla anois – níl, mar a tharlaíonn sé – ach, toisc go bhfuillim ag machnamh ar an ócáid atá ag teacht. Tá an fhulaingt ar fad im’ cheann.
Má tá an fhulaingt im’cheann (agus tá) is rogha é atá á dhéanamh agam. Rogha atá á dhéanamh im’ intinn. Tá an fhulaingt á roghnú agam. Conas sin? Cé a roghnódh fulaingt?
Tá fulaingt á chruthú againn dúinn féin gach lá ach, níl a leithéid soiléir dúinn. Mothaimíd gur íospartaigh sinn agus go bhfuil na rudaí seo ag tarlú dúinn.
Más rud é gur thit tú amach le duine riamh (agus is beag duine nár dhein) an cuimhin leat conas ar mhothaigh sé sular labhair tú leis an duine sin arís? An cuimhin leat na comhráití móra fada, na hargóintí, na pointí tábhachta a dheinis id’ aigne? An t-am a chaithis ag siúl siar ar gach idirghabháil a bhí agaibh le chéile? An imní a bhí id’ bholg agus seans ann go mbuailfeá leo ar obair, ar scoil nó ag ócáid éigin? An cuimhin leat é? Cá raibh an fhulaingt sin?

Uaireanta leanann an fhulaingt seo ar feadh na mblianta fada. Blianta d’fhulaingt atá roghnaithe agat.
Agus, ní bhíonn an soicind sin, ar nós an instealladh, nuair a bhuaileann tú leo arís riamh chomh holc is a bhíonn an fhulaingt ar fad atá déanta agat id’ cheann.
Is beag duine sa tír faoi láthair nach bhfuil ag fulaingt. Is fada an lá ó bhí fulaingt chomh fadtéarmach ar bhonn náisiúnta againn. Tá meabhairshláinte an-chuid daoine faoi bhrú. Agus nílim in aon slí ag iarraidh beag is fiú a dhéanamh de sin. Is fadhb ollmhór an mheabhairshláinte de ghnáth, gan trácht ar anois.
Táimid ag fulaingt mar go bhfuil an saol atá uainn faoi láthair imithe mar rogha. Táimid ag fulaingt mar nach féidir linn daoine eile a fheiscint. Táimid ag fulaingt mar nach féidir linn dul thar lear, b’fhéidir?
Tarlaíonn fulaingt nuair a cheapann tú gur chóir go mbeadh rud amháin agat agus faigheann tú rud eile, níos measa, ina ionad. Ba chóir go mbeimis in ann bualadh lenár dtuismitheoirí, ach ní féidir. Ba chóir go mbeimis in ann bualadh lenár gcairde, ach ní féidir. Ba chóir go mbeimis in ann freastal ar an scoil, an ollscoil, ar obair, ach ní féidir. Faightear fulaingt sa spás idir ionchas (expectation) agus réaltacht (reality). Nílim ag déanamh beag is fiú arís ar an éifeacht atá ag na srianta sóisialta seo ar aigne an duine. Ach, go dtí go n-athróidh an scéal atá lasmuigh dár smacht, is san aigne againn féin atá an réiteach.
Má tá fulaingt á dhéanamh agat, tá an deis agat mar sin, féin rud éigin a dhéanamh faoi.

Go praiticiúil, faoi mar a mholas cheana féin, is féidir nascadh le daoine i slite éagsúla. Cabhraíonn sé seo leatsa agus leis an duine eile. Tá slite dearfacha le do chuid ama a chaitheamh ar thograí cruthaitheacha, mar shampla.
Ach, maidir le fulaingt aigne, is gá suí leis an míchompord sin. Is gá a bheith fiosrach faoi.
Más rud é go bhfuil sé ag rith leat anois go gceapaim go bhfuil an fhulaingt ar fad id’ cheann agus go bhfuil sé seo maslach dóibh siúd atá ag fulaingt, suigh leis an bhfulaingt. Ceistigh d’aigne.
Cá bhfuil an fhulaingt? Cad atá á chruthú?
Bí fiosrach faoi.
Cabhraíonn an machnamh (meditation) go mór lena leithéid de chur chuige. Sa mhachnamh, ní hamhlaidh go bhfuil smaointe á stopadh agat, faoi mar a cheaptar go minic, is amhlaidh go mbíonn féinfheasacht (awareness) á chruthú agat faoi d’aigne féin. Téann tú i dtaithí ar do smaointe a aithint agus iad ag teacht agus ag imeacht.
Má mhaslaíonn duine mé, mar shampla, tá rogha le déanamh agamsa an mbeidh orm fulaingt nó gan fulaingt. Mura n-éiríonn liom post a fháil, cé go bhfuil impleachtaí praiticiúla ann, is suas chugamsa atá sé an mbeidh orm fulaingt faoi. Braitheann sé ar an meon aigne atá agam.
Cabhraíonn fráma nua leis an bhfulaingt a laghdú chomh maith. Tóg mo shampla féin leis an bhfiaclóir. Is féidir fráma a chur ar an scéal sin ag léiriú go bhfuil an t-ádh liom go mbeidh an fiaclóir ar oscailt. Nó go bhfuil instealladh ar fáil leis an bpian a laghdú. Nó go bhfuil fiacla agam. Nó gur féidir liom íoc as an gcabhair uaidh. Nó, fiú, go bhfuilim beo!
Táimid ar fheabhas mar dhaoine leis an gcruth is fearr a chur ar scéalta go minic.
Timpiste gluaisteáin? Bhí an t-ádh liom!
Bhriseas mo chos? Bhí an t-ádh liom nár maraíodh mé!
Táim faoi dhianghlasáil i bpaindéim? Ar a laghad tá díon os mo chionn agus mo shláinte agam.
Tá daoine sa tír seo atá faoi bhláth faoi láthair. Tá mórán de na cúinsí céanna orthu, gan amhras, ach táid faoi bhláth. Tá gnóthaí nua á dtosnú. Tá cruthaitheacht daoine ag teacht chun cinn. Tá daoine ag éirí níos folláine. Conas?
In ionad fulaingt aigne a dhéanamh tá cinneadh déanta acu a bheith faoi bhláth.
Más féidir féinfheasacht a chothú agus an fhulaingt atá á dhéanamh agat a aithint, is féidir é a athrú. An bhfuil sé fuirist nó éasca?
Bhuel, an bhfuil sé fuirist d’aigne a athrú? Sin í an cheist?
Más i dtosach na haicíde is fusa í a leigheas, ceistigh cad as atá an aicíd ag teacht. Más id’ aigne atá sé, tá an leigheas agat féin.
Ní rogha domsa an phian a bheidh orm ag an bhfiaclóir.
Ach is rogha í an fhulaingt a dhéanfaidh mé idir seo agus sin.