Bhí lá dúshlánach agam an tseachtain seo chaite. Nó, lá níos dúshlánaí ná an gnáth-lá.
Mhothaigh sé go raibh fadhbanna le réiteach ó thús an lae. Seans gur rudaí beaga a bheadh anseo an gnáth lá, ach, toisc an meon a bhí agam ar an lá, mhothaíodar níos mó.

Ansin, tháinig fadhb mhór an lae. Agus, ní rabhas in ann déileáil leis. Mhothaíos faoi bhrú. Ní rabhas in ann aon rud amháin a dhéanamh i gceart. Bhíos cancrach le daoine. Seans gur chruthaíos níos mó fadhbanna dá bharr. Ní fhaca aon réiteach. Nó, ní raibh aon réiteach agamsa ar an bhfadhb.
Roimh dheireadh an lae, bhí dearcadh difriúil agam ar an bhfadhb. Bhí níos mó eolais agam faoi. Bhí tuairimí daoine eile faoi cloiste agam. Bhí níos mó roghanna agam. Bhí réiteach agam.
An rud a chuireann díomá agus ionadh orm faoin eachtra seo ná, ní hamháin gur mhothaíos faoin méid sin brú ar an lá, rud a chur isteach ar an éifeachtacht a bhí agam déileaíl le rudaí ach, ar cuma éigin, cheapas nach mbeadh fadhbanna agam!
Bíonn fadhbanna gach lá. Ag gach éinne!
Ba chóir a bheith ag súil le fadhbanna, mór nó beag, gach lá. Maidin amárach, an tseachtain seo chugainn, is ait an saol é muna bhfuil fadhb éigin le réiteach agat. Baineann sé le bheith id’ bheathaigh.
An rud gur féidir liomsa a athrú faoi seo ná fráma a chur ar an bhfadhb.
Beadsa ag féachaint ar fhadhbanna na seacthaine seo chugainn mar phribhléid.
Is pribhléid é a bheith beo. Is pribhléid é a bheith in ann d’aigne a chur i dtreo deacracht a réiteach. Is pribhléid é a bheith in ann déileáil le daoine le teacht ar réiteach le chéile. Pribhléid.
Mar sin, fráma amháin gur féidir liom a úsáid i dtaobh fadhbanna na seachtaine seo chugainn ná “An fadhb nó pribhléid é seo?”
Táim cinnte go bhfuil frámaí nó claonadh difriúla gur féidir a úsáid le casadh éagsúl a chur ar fadhbanna na seachtaine seo chugainn. Cén fráma a chuirfidh tusa orthu?