Déan nós agus bris nós!

Deirtí liom agus mé níos óige ‘Ná déan nós agus ná bris nós.’

Measaim gur droch-chomairle é sin. Is toradh carnach é do shaol ar do nósanna laethúla. Aon sprioc atá agat, tá ort nósanna laethúla a cheangailt leis le go mbeidh aon seans agat é a bhaint amach.

Le dianghlasáil eile á chur i bhfeidhm anois, beidh orainn féachaint ar nósanna laethúla a chabhróidh linn teacht slán as.

Seo liosta nósanna laethúla (a bhuíochas le Dr Rangan Chatterjee) a chabhróidh linn an sprioc sin a bhaint amach;

  1. Gnáthamh an Lae – cruthaidh rithim laethúil duit féin ag tosnú, gan dabht, ar maidin le struchtúr simplí gur féidir leat a leanúint.
  2. Déan iarracht am a chaitheamh sa Nádúr gach lá.
  3. Bog do chorp. Is cuma pé chomh mór nó beag an iarracht. Bog.
  4. Glaoigh ar chara nó gaol gach lá. Tá comhrá níos fearr ná téacs.
  5. Déan machnamh ciúin ar feadh cúpla nóiméad. Éist le do mhothúcháin.
  6. Fan amach ón Nuacht más féidir leat. Éist leis nó féach ar an Nuacht uair amháin i rith an lae, más gá, ach ná caith an lá leis.
  7. Léirigh buíochas. Breac nóta de thrí rud as a bhfuil tú buíoch nó bain úsáide as Rós, Rós, Dealg, Bachlóg le do thuairimí a bhreacadh nó a roinnt leis an gclann.
  8. Bí cineálta. Leat féin. Le do cháirde. Leis na húdaráis – is daoine iad chomh maith!
  9. Más ag obair ón mbaile atá tú, déan iarracht ar teorainn ama agus spás a chruthú idir ‘obair’ agus ‘baile’.
  10. Smaoinigh, nach bhfuil ann ach seal.

Go n-éirí libh.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s