Cleachtas dearfach buíochais é seo a thugann deis cainte do gach éinne sa chlann agus a chruthaíonn teagmháil éifeachtach sa chlann.

Le linn béile laethúil le chéile ar nós an dinnéar, tógann gach éinne deis, duine ar dhuine, cur síos a dhéanamh ar rud dearfach ón lá (Rós). Is cuma cé chomh beag nó mór atá sé. Níl ann ach é a aithint agus é a roinnt. Tógann gach duine a sheans morthimpeall i gciorcal leis an gcéad Rós.
Leantar ansin leis an dara Rós ag gach éinne mar an gcéanna. Ní gá plé ná moltaí. Is ag duine amháin atá an deis cainte.
Ansin, roinneann gach ball an ‘Dealg’ nó an rud atá ag cur isteach orthu. Ba chóir go mbainfeadh sé leis an lá, cosúil leis na Rósanna roimhis, agus ní gá go mbeadh plé ar nós “ba chóir duit X mó Y a dhéanamh”. Ba chóir go mothódh an té atá ag labhairt gur féidir leo an fhadhb a roinnt agus é a fhágaint ann. Cabhraíonn sonraí chomh maith. Ní leor “bhí lá olc agam.” Is fearr rud ar nós, “níor éirigh liom cúpla rud a dhéanamh inniu a chruthaigh frustrachas ionam.” Má bhíonn ráiteas ró-ghinearálta, do Rós nó Dealg, seans go ndéarfaí an rud céanna gach lá. Seachnaíonn freagra sonrach é seo.
Agua Dealg nó deacracht roinnte ag gach éinne, roinntear Bachlóg nó rud lena bhfuiltear ag sùil leis an ngrúpa. Is fearr go mbeadh an Bachlóg sa gearrthréimhse seachas i bhfad amach san am. Cabhraínn sonraí arís anseo. Abairt nó dhó. Críoch dearfach leis an gcomhrá a bhíonn ann.
Tá buntáistí ollmhóra leis an gcleachtas seo. Cruthaíonn sé cultúr teaghlaigh gur féidir dúshláin a roinnt go sábháilte. Lorgaíonn an teaghlach Rósanna a aithint i rith an lae le bheith ullamh don gcomhrá ar ball.
Is féidir an cleachtas seo a dhéanamh le beirt nó fiú é a dhéanamh id’ aonar. Is féidir iad a bhreacadh ar pháipéir mar shampla.
Bíonn agus beidh deiseanna agus deacrachtaí sa saol.
Is fearr a bheith i dtaithí ar iad a roinnt leis na daoine inár saol.