Cad atá á dhéanamh agat anois? Díreach anois?
Is dócha go bhfuil sé seo á léamh agat. Ach, an bhfuil aon rud eile ar siúl agat ag an am céanna? Seans go bhfuil tú ag faire ar an teilifís, nó ag ithe. Nó, b’fhéidir go bhfuil tú i ‘comhrá’ le do chéile?
Níl aon amhras ach go bhfuil an saol éirithe gnóthach againn agus bímid de shíor ag rith nó ag iarraidh sinn féin a choimeád gnóthach. Ach, ag an am céanna, tá imní agus buairt orainn agus tá an nós nó an cleachtas a bheith ‘gnóthach’ nasctha leis sin.

Ceapaimid gur féidir linn iltascáil a dhéanamh. Sé sin, dhá rud nó níos mó a dhéanamh ag an am céanna. Ní féidir linn. Nó, ní féidir linn dhá rud a dhéanamh 100% ag an am céanna. I staidéar atá déanta ag Adam Gazzaley, Dochtúir Néareolaíochta in Ollscoil Chalifornia, San Francisco fuarthas amach gurb é an rud atá ag tarlú nuair atá níos mó ná rud amháin ar siúl againn ag an am ná go mbíonn níos lú airde á thabhairt againn ar an dá ghníomh. Ní hionann iltascáil agus dhá thasc a dhéanamh go comhthreomharach. Is amhlaidh go mbíonn d’aird á roinnt idir na tascanna. Mar sin, ní féidir ceachtar de na tascanna a dhéanamh i gceart.
Más rud é go raibh tú stoptha riamh sa ghluaisteán ag soilse tráchta agus gur thóg tú amach do ghuthán le féachaint an raibh aon fhógra nua agat air, tá a fhios agat cad atá i gceist agam. Nó, más rud é go raibh tú ag faire ar scannán agus an guthán i do láimh agat ag scrolláil de shíor. Nó, fiú, más rud é go raibh comhrá ar bun agat le duine éigin agus tú i mbun léitheoireachta. Is fiú a bheith macánta leat féin anseo. Níl ceachtar den dá rud á dhéanamh i gceart agat.
Anois, níl an locht go hiomlán ort. Tá an teicneolaíocht, ach go háirithe, ag obair inár gcoinne. Agus, tá sé i bhfad níos cliste ná sinn. Tá na haipeanna éagsúla ar do ghuthán cruthaithe le breith ort le blaiseadh dopaimín. Is druga do ghuthán. Níl aon amhras faoi sin. Deir príomhfheidhmeannach Netflix gurb é an príomhiomaitheoir atá ag an gcomhlacht ná ‘codladh’. Ceapaimid go bhfuil táirge á úsáid againn ach, is sinne an táirge. Tá ár gcaidrimh, ár dteaghlaigh agus ár meabhairshláinte féin thíos leis. Agus, is ag dul in olcas atá sé.
Más suim leat feabhas a chur ar seo, tá roinnt tuairimí agam duit;
- Athraigh an timpeallacht. Ní leor neart tola nó féinsmacht anseo. Tá na nósanna againn róláidir len’ iad a bhriseadh le féinsmacht amháin. Agus, tá an teicneolaíocht deartha chun obair inár gcoinne. Mar sin, fág an guthán i seomra eile. Fág an guthán ar mhodh an eitleáin ar feadh tamaill. Ná tóg an guthán thuas staighre. Ná tóg go dtí an leithreas é!!!!
- Nósanna a thomhas. Tóg cúpla lá le haird a thabhairt ar na nósanna atá agat. Ceistigh tú féin go rialta i rith an lae chun a chinntiú go bhfuil rud amháin ar siúl agat ag an am. Mar shampla, an mbíonn béile á ithe agat gan aon chur isteach eile? An éisteann tú go hiomlán leis an té atá ag labhairt más i gcomhrá atá tú?
- Tús an Lae. Cruthaigh rithim mhaidine atá glan agus simplí. Déan rud amháin ag an am. Siúlóid. Cupán tae. Am le daoine, páistí, an gadhar. Fág an teic, an nuacht, an saol mór go dtí níos déanaí. Beidh sé chugat luath go leor!
- Díghalraigh an Iltascadóireacht. Aithnigh na hamanna go mbíonn an nós agat níos mó ná rud amháin a dhéanamh ag an am agus tóg an cinneadh an nós sin a ‘díghalrú’.
- Machnamh. B’fhéidir gur suim leat foghlaim faoin machnamh nó triall a bhaint as. Tá an t-uafás áiseanna saor in aisce ar líne. Is fiú go mór an cleachtas a thriall. Ach, bun agus barr an machnamh ná rud amháin a dhéanamh ag an am. Go traidisiúnta, dírítear ar an anáil. Tóg cúig nóiméad ag suí i do aonar go ciúin agus dírigh ar d’anáil. Nuair a thagann smaoineamh eile isteach i do aigne, aithin é agus scaoil leis. Fill ar an anáil. Is ag tógaint smachta ar d’aigne féin atá tú leis an machnamh. Más féidir leat smacht a chur ar d’aigne féin, is féidir leat aon rud gur mian leat a bhaint amach.
Ba chóir dúinn éirí as an iltascáil – níl a leithéid ann.
Déan rud amháin ag an am, agus déan i gceart é. Más éisteacht atá i gceist, beidh do chaidrimh idirphearsanta níos fearr. Más foghlaim atá i gceist, beidh do thorthaí níos fearr. Más machnamh atá i gceist, beidh do shaol níos fearr.