Bhraith an aistear go dtí seo atá tógtha ag an gcinne daonna ar bheith in ann brath ar a chéile. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, gan amhras. Bímid faoi bhláth mar dhaoine nuair a léirímid comhbhá dá chéile agus nuair a bhímid sásta a bheith leochaileach, oscailte agus macánta.
‘Sé an nós atá againn ná comhbhá a léiriú do dhuine éigin eile. Is bua nó suáilce é an cineáltas a léirítear do dhaoine eile. Bímid cineálta le daoine eile ach, bímid diúltach, cáinteach linn féin.

Is ón féinghrá, ó chineáltas duit féin mar dhuine a thagann athraithe dearfacha. Is iomaí slí gur féidir leat cineáltas a léiriú duit féin. Seachain an féin-chaint diúltach. Labhair leat féin mar a bheifeá ag labhairt le cara go bhfuil comhbhá agus tuiscint macánta uathu.
Tá an-difríocht, mar sin féin, idir sácráilteacht agus féin-atrua aireach. Cruthaíonn an sácráilteacht agus an só féin-fhuath agus marbhántacht ach cruthaíonn féin-atrua tuisceanach fás, forbairt dearfach ionat.
Tá’s agat go maith go léireodh siúlóid amuigh faoin aer cineáltas duit féin ná léireoidh císte nó pé duáilce atá agat. Ach, rómhinic, roghnaímid an drochnós dúinn féin. An cineáltas is fearr gur féidir linn a léiriú dúinn féin ná a bheith sláintiúil in aigne agus sa chorp.
Is infheistíocht sa todhchaí é a bheith cineálta leat féin. Is fiú go mór I gcónaí é. Beidh tú buíoch díot féin sa todhchaí. Beidh do chlann buíoch díot.
Conas a léireoidh tú cineáltas duit féin?
Bí cineálta leat féin inniu agus gach lá.
Bíodh do shláinte chun tosaigh agat gach lá.
Tabhair maithiúnas duit féin.
Bíodh grá agat duit féin.
Bí cineálta leat féin.