Níl an t-am agam!

Image result for time flies

(Íomhá – michellplested.com)

An mó uair a dúirt tú é seo leat féin? Nó le duine éigin eile?

Tá nuacht agam duit. Níl an t-am ag éinne.

Tá tosaíochtaí ag daoine.

Níl ach méid áirithe ama i ngach aon lá agus is suas chugainn féin conas a úsáidfear é.  Tá smacht iomlán againn air seo.

Muna gcuireann tú smacht ar úsáid do chuid ama féin,  cuirfear smacht air duit.  Líonfar do laethanta le himeachtaí agus a bheith ‘gnóthach’.

Déan tosaíocht díot féin.  Déan tosaíocht des na spriocanna atá uait.  Líon do lá leis na tosaíochtaí sin agus beidh fuíollach ama agat!

Tempus fugit!

Seán Óg

Leave a comment