Cáilíodh im’ Oide Saoil le déanaí mé agus an cheist is minicí a chuirtear orm faoi ná ‘Cad is Cóitseáil ann?’
Go deimhin, tá ceisteanna lárnach go maith sa Chóitseáil agus ní ag an Oide Saoil (nó an ‘Coach’) a bhíonn na freagraí. Is ag an té a lorgaíonn an Chóitseáil a bhíonn na freagraí.
Nuair a thugas faoin gcúrsa oiliúna anuraidh cuireadh ceist orainn go léir sa rang cad a bhí uainn ón gcúrsa agus b’é an chéad rud a dúrtsa ná gur theastaigh uaim ‘foghlaim conas éisteacht.’ Anois, ceapfaidh éinne a bhuail liom riamh gurb’ ait an achainí é sin mar go bhfuil gach dealraimh ar an scéal nách bhféadfainn mo chlab a dhúnadh fada go leoir le seans a thabhairt d’éinne eile labhairt, gan trácht ar éisteacht leo! Ach, d’fhoghlamaíos conas éisteacht. Agus éisteacht nuair nach ndeirtear aon ní. Go minic, is ansin atá na freagraí.
De ghnáth, lorgaíonn Cliant (nó an té go ndéantar cóitseáil orthu) an Chóitseáil. Ní mórán cabhar é más rud é go mbrútar orthu é. Caithfidh toil an duine a bheith ann mar, is a mianta a bheidh á phlé. Is a spriocanna a bheidh á phlé. Ní oibríonn sé in aon chor más mianta nó spriocanna daoine eile atá i gceist.
Cabhraíonn an Oide Saoil leis an gCliant an sprioc nó na spriocanna a aithint ag an dtús agus, tré cheisteanna cuí a chur, soiléirítear an sprioc. Tá sprioc soiléir, intomhaiste i bhfad níos fearr ná sprioc ghinearálta. Teipeann ar an sprioc ghinearálta go minic. Cabhraíonn an Oide Saoil le duine an sprioc a dhaigniú, teorann ama a chur leis agus na critéir rachmais a aithint.
Bíonn thart ar cheithre sheisiún uair an chloig ag an am thar thréimhse sé mhí nó níos mó i gceist i gconradh Cóitseála. Tugann sé seo deis do dhuine machnamh a dhéanamh, spriocanna a bhaint amach agus, go deimhin féin, fás a dhéanamh. Thugas féin faoin gCoitseáil anuraidh mar gur mhothaíos go raibh fuinneamh saoil in easnamh orm. Tháinig athrú saoil orm tríd an bpróiséas agus bhíos chomh tógtha leis, bhaineas féin an cháilíocht amach le go bhféadfainn cabhrú le daoine eile.
Má mhothaíonn tú go bhfuil rud éigin ‘in easnamh’ id’ shaol nó go bhfuil sprioc éigin nach bhfuil bainte amach go dtí seo agat, mholfainn duit Oide Saoil a fháil.
Is ciall comónta atá in an-chuid den gCóitseáil. Ach, leis an seans is fearr a thabhairt dúinn féin do mhianta, do spriocanna a bhaint amach id’ shaol oibre nó id’ shaol pearsanta, mholfainn go mór duit Oide Saoil a fháil.
Sin a bhfuil ó Spreagadh Saoil!
Seán Óg